Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 36:9-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. An gcuirfidh tú suas fiú don duine is lú de shearbhóntaí mo thiarna, agus tú ag brath ar an Éigipt le haghaidh carbad agus marcach?

10. Rud eile fós, an dóigh leat gur gan fhios agus ar neamhchead don Tiarna atá mé i ndiaidh a theacht chun an tír seo a ionsaí agus a scrios? Ní amhlaidh; ach an Tiarna féin a dúirt liom: ‘Gabh suas i gcoinne na tíre sin agus scrios í!’ ”

11. Dúirt Eiliácaím, Seabná agus Ióách leis an Ardoifigeach: “Má is é do thoil é, labhair linn do sheirbhísigh in Aramais, óir tuigimid í; ná labhair linn in Eabhrais in éisteacht an phobail atá ar na ballaí.”

12. Ach dúirt an tArdoifigeach leo: “An le do thiarna agus leatsa a chuir mo thiarnasa uaidh mé le seo á rá? Ní hea, ach leis na daoine seo atá ina suí ar na ballaí agus gur dual dóibh a gcac féin a ithe agus a mún féin a ól bhur ndála féin?”

13. Ansin d'éirigh sé ina sheasamh agus scairt sé amach in ard a chinn in Eabhrais: “Éistigí le teachtaireacht an rí mhóir, rí na hAsaíre!

14. Seo iad focail an rí: Ná cuireadh Hiziciá an dallamullóg oraibh! Ní bheidh sé in ann sibh a shábháil.

15. Ná bíodh muinín agaibh as an Tiarna ar chomhairle Hiziciá, agus é á rá: Tiocfaidh an Tiarna ár dtarrtháil cinnte, ní ghéillfear an chathair seo suas do rí na hAsaíre.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 36