Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 36:19-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Cá bhfuil déithe Hamát agus Arpád? Cá bhfuil déithe Shafaravaím? Cá bhfuil déithe thír na Samáire? Ar shábháil siad an tSamáir orm?

20. De dhéithe na dtíortha uile, cé acu a shábháil a dtír orm? Agus cén chaoi a bhfuil an Tiarna le Iarúsailéim a shábháil?”

21. D'fhan na daoine ina dtost gan focal astu, óir ba é a d'ordaigh an rí dóibh: “Ná tugaigí freagra air.”

22. Tháinig reachtaire an pháláis Eiliácaím mac Hilcíá, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, tháinig siad ar ais i láthair Hiziciá agus a gcuid éadaigh stróicthe acu, agus d'inis dó ar dhúirt an tArdoifigeach.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 36