Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 36:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sa cheathrú bliain déag de réimeas an rí Hiziciá, thug Sanaichéiríb, rí na hAsaíre, faoi dhúnbhailte Iúdá agus ghabh sé iad.

2. Ó Láicis chuir rí na hAsaíre an tArdoifigeach mar aon le slua mór saighdiúirí ag triall ar Hiziciá rí in Iarúsailéim. Thóg siad ionad in aice le sileán na Linne Uachtair ar an mbóthar go Gort an Úcaire.

3. Chuaigh reachtaire an pháláis Eiliácaím mac Hilcíá, Seabná an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf an callaire, chuaigh siad amach ina airicis.

4. Dúirt an tArdoifigeach leo: “Abraigí le Hiziciá gurb í seo teachtaireacht an rí mhóir, rí na hAsaíre: Cad is bun leis an muinín seo agat?

5. An dóigh leat gur fiú focail bhaotha comhairle agus laochas chun cogaidh? Cé air a bhfuil tú ag brath anois gur éirigh tú amach i m'éadan?

6. Ar an Éigipt? Más ea, tá tú ag brath ar shifín briste nach ndéanann ach lámh aon duine atá ag baint taca as a tholladh is a threaghdadh. Mar sin atá ag Forann, rí na hÉigipte, le daoine a chuireann a muinín ann.

7. Déarfaidh sibh liom, b'fhéidir: ‘Is sa Tiarna ár nDia atá ar muinín,’ ach nár leis siúd na hardáin bheannaithe agus na haltóirí a thóg Hiziciá chun siúil, á rá le muintir Iúdá agus Iarúsailéim: ‘Is os comhair na haltóra seo amháin a sléachtfaidh sibh.’

8. Seo anois, cuir an geall seo le mo thiarna rí na hAsaíre: Tabharfaidh mé dhá mhíle each duit ach tú marcaigh a chur ar fáil dóibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 36