Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 35:2-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Maise na Liobáine tugtar dó,scéimh Chairmell agus Sheárón lena chois sin;beidh maise an Tiarna le feiceáil acu seoagus scéimh an Dé seo againne.

3. Déanaigí láidir na lámha atá faonlagagus cuirigí téagar sna glúine atá ag lúbadh;

4. abraigí le lucht an chroí mhearaithe:“Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh.Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann,tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh;Dia atá ann ag agairt a chúitimh,agus é ag teacht do bhur slánú.”

5. Déanfar a súile do na daill an uair sinagus réiteofar cluasa na mbodhar;

6. beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia annagus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir.Óir brúchtfaidh uisce aníos san fhásachagus srutháin i bhfearann an triomaigh;

7. déanfar linn den talamh spalltaagus toibreacha uisce de thír an tarta.Na huaimheanna mar a dtéadh na madraí allta a chónaí,beidh siad ina mothar cíbe agus giolcach...

8. Beidh bealach mór agus bóthar ansina dtabharfar mar ainm air an Bealach Beannaithe;ní shiúlfaidh an neamhghlan an treo sin,ná ní bheidh lucht baoise ag fánaíocht ar a fhad.

9. Ní bheidh leon ar bith ansin feastaná aon chreachadóir d'ainmhí allta;ach an dream atá i ndiaidh a bhfuascailte, is iad a shiúlfaidh é,

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 35