Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 33:6-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Is é cúl taca na haimsire é;an eagna agus an t‑eolas, is iad sin an stór a shlánaíonn,is í eagla an Tiarna is taisce dó.

7. Éist mar tá fir chalma ag glaoch ar chabhair os ard,na teachtaí a cuireadh ag lorg síochána, tá siad ag gol go léanmhar.

8. Tá na bealaí móra tréigthe,níl aon duine ag taisteal na mbóithre.Tá an conradh briste, agus drochmheas ar na finnéithe,ní thugtar aird ar an duine a thuilleadh.

9. Tá an tír ag mairgneach agus ag meath;tá an Liobáin feoite le náire.Is geall le gaineamhlach Seárón;tá Báiseán agus Cairmeil suaite lomtha.

10. “Anois,” arsa an Tiarna, “táimse ag éirí,anois éireoidh mé i mo sheasamh, anois ardóidh mé mé féin.

11. Caith is ea a ghabh sibh sa bhroinn, agus conlach a chuirfidh sibh ar an saol;tiocfaidh gaoth mar a bheadh tine ann chun sibh a alpadh.

12. Beidh na ciníocha á ngoradh go dtí go bhfágtar ina luaithreán iad,mar a bheadh dealgacha á ngearradh agus á gcur sa tine.

13. Sibhse atá i bhfad i gcéin, éistigí lena bhfuil déanta agam;agus a mhuintir anseo in aice liom, admhaígí mo chumhacht.”

14. Tá uamhan ar na peacaigh i Síón,tá na haindiagaigh ar bhall amháin creatha.Iad ag fiafraí: “Cé againn a sheasfaidh loisceadh na tine seo?Cé acu againn a sheasfaidh na lasracha síoraí?”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 33