Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 33:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Och, a chreachadóir, agus tú féin gan creachadh,a fheallaire nach ndearnadh feall ort fós!nuair a bheidh deireadh le do chreachadh, déanfar creach ortsa;nuair a bheidh críoch le feall agat, déanfar feall ort féin.

2. A Thiarna, bí ceansa linn,is leatsa atá ár súil.Bí i do lámh shábhála againn gach maidin,slánaigh sinn in aimsir trioblóide.

3. Le torann do theacht teitheann na ciníocha,nuair a éiríonn tú, as go brách leis na náisiúin;

4. scuabtar suas a gcreach mar a scuabfadh lócaistí í,tugtar áladh uirthi ar nós áladh de chuid na míolta sin.

5. Tá an Tiarna in airde, mar tá a chónaí san aird thuas;líonann sé Síón le ceart agus le cóir.

6. Is é cúl taca na haimsire é;an eagna agus an t‑eolas, is iad sin an stór a shlánaíonn,is í eagla an Tiarna is taisce dó.

7. Éist mar tá fir chalma ag glaoch ar chabhair os ard,na teachtaí a cuireadh ag lorg síochána, tá siad ag gol go léanmhar.

8. Tá na bealaí móra tréigthe,níl aon duine ag taisteal na mbóithre.Tá an conradh briste, agus drochmheas ar na finnéithe,ní thugtar aird ar an duine a thuilleadh.

9. Tá an tír ag mairgneach agus ag meath;tá an Liobáin feoite le náire.Is geall le gaineamhlach Seárón;tá Báiseán agus Cairmeil suaite lomtha.

10. “Anois,” arsa an Tiarna, “táimse ag éirí,anois éireoidh mé i mo sheasamh, anois ardóidh mé mé féin.

11. Caith is ea a ghabh sibh sa bhroinn, agus conlach a chuirfidh sibh ar an saol;tiocfaidh gaoth mar a bheadh tine ann chun sibh a alpadh.

12. Beidh na ciníocha á ngoradh go dtí go bhfágtar ina luaithreán iad,mar a bheadh dealgacha á ngearradh agus á gcur sa tine.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 33