Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 30:6-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Fáistine dar teideal: Ainmhithe na Tíre Theas.Trí dhúiche an anró agus na hanbhuaineis fearann don leon baineann, do leon na búiríola,don nathair nimhe agus don dragan eiteogach,a saibhreas ar dhroim asal acu,a dtaiscí ar chruit chamall acu,agus iad á n‑iompar chuig pobal nach fearrde iad é.

7. Óir tá cabhair na hÉigipte díomhaoin agus baoth;is é sin an fáth a dtugaim mar ainm uirthi:Ráhab na leisce.

8. Imigh anois, gearr ar tháibléad an méid seo,scríobh ar scrolla é,chun go mbeidh sé san am atá le teachtina fhianaise bhuan:

9. Is pobal míréireach iad seo,is clann bhréagach,clann nach áil leo éisteachtle reacht an Tiarna.

10. Deir siad le lucht físe:“Ná bíodh físeanna agaibh”,agus leis na fáithe:“Ná tuaraigí an ceart dúinn”.“Déanaigí plámas linn,bíodh físeanna mealltacha agaibh dúinn;

11. fágaigí an bealach, casaigí i leataobh ón tslí;as ár radharc leis mar Neach Naofa Iosrael.”

12. Ar an ábhar sin a deir Neach Naofa Iosrael:“De bhrí gur beag libh an rabhadh seo,agus go bhfuil bhur muinín sa chamastaíl agus san fheall,agus gurb iad is crann taca agaibh,

13. léireofar daoibh an cion seoa bheith mar a bheadh balla ardagus gág anuas ann,bolg amach air agus é i ríocht titim,a dtagann maidhm air go tobann, i seal faiteadh súl,

14. a bhriseann ar nós soitheach potaireá smísteáil síos gan trua gan taise,- ionas nach bhfuil le fáil sa chonamaroiread agus sligín a chorródh an tine ar an teallachnó a thaoscfadh uisce as an sistéal.”

15. Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia, Neach Naofa Iosrael:San iompú croí agus sa chiúnas a bhí an slánú i ndán daoibh,sa suaimhneas agus sa mhuinín a bhí bhur neart,ach níorbh áil libh.”

16. Dúirt sibh: “Ní amhlaidh! Teithfimid ar muin chapaill!”Go deimhin féin, is ag teitheadh a bheidh sibh!“I gcarbaid mheara a theithfimid!”Maith go leor! Is mear mar a rachfar sa tóir oraibh!

17. Teithfidh míle, agus gan ach duine aonair ag bagairt,bagairt ó chúigear agus teithfidh deich míle,go dtí nach mbeidh fágtha díbhach mar bheadh cuaille ar bharr cnocáin,mar bheadh comhartha ar mhullach sléibhe.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 30