Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 30:26-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Beidh solas na gealaí ar aon dul le solas na gréine agus solas na gréine seacht n‑uaire níos gile fós, ar nós solas seacht lá le chéile, sa lá a gceanglóidh an Tiarna créacht a phobail agus a leigheasfaidh sé fearbacha a bhuillí.

27. Breathnaigí! Tá ainm an Tiarna ag teacht ó chríoch i gcéin,is loiscneach a fhearg, is trom an t‑ualach atá air,tá a bheola ag cur thar maoil le cuthach,agus a theanga ina tine chraosach.

28. Tá a anáil mar thuile in abhainn,a thiocfadh go muineál ar dhuine.Tá sé ag teacht chun na náisiúin a chriathrú i gcriathar an mhillte,chun béalbhach a chuid srianta a chur le giall na gciníocha.

29. Beidh bhur gceolsa, áfach, mar bheadh oíche chinn féile ann,agus aoibhneas ar chroí gach aon.Ar nós an té a bhuaileann bóthar le ceol na bhfeadógar a bhealach ionsar shliabh an Tiarna, ionsar charraig Iosrael,

30. Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go gcloisfear mórgacht a ghlóir,agus taispeánfaidh sé lascadh a láimhe,i bhfraoch a chuid feirge, i gceartlár tine craosaí,i séideán báistí agus clochshneachta.

31. Óir is é glór an Tiarna a chuirfidh coiscriú ar an Asaír,agus í faoi bhuillí a bhata,

32. gach buille den bhataagus den phionós a leagfaidh an Tiarna uirthi,le bodhráin agus le cláirseacha agus le damhsaí...

33. Óir is fada leac teallaigh ullamh cois Toifit,agus ullamh le haghaidh Mhoilic chomh maith,clais dhomhain leathan, lán cocháin agus adhmaid,agus anáil an Tiarna ag cur tine leis, mar a bheadh rabharta ruibhe ann.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 30