Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 30:14-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. a bhriseann ar nós soitheach potaireá smísteáil síos gan trua gan taise,- ionas nach bhfuil le fáil sa chonamaroiread agus sligín a chorródh an tine ar an teallachnó a thaoscfadh uisce as an sistéal.”

15. Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia, Neach Naofa Iosrael:San iompú croí agus sa chiúnas a bhí an slánú i ndán daoibh,sa suaimhneas agus sa mhuinín a bhí bhur neart,ach níorbh áil libh.”

16. Dúirt sibh: “Ní amhlaidh! Teithfimid ar muin chapaill!”Go deimhin féin, is ag teitheadh a bheidh sibh!“I gcarbaid mheara a theithfimid!”Maith go leor! Is mear mar a rachfar sa tóir oraibh!

17. Teithfidh míle, agus gan ach duine aonair ag bagairt,bagairt ó chúigear agus teithfidh deich míle,go dtí nach mbeidh fágtha díbhach mar bheadh cuaille ar bharr cnocáin,mar bheadh comhartha ar mhullach sléibhe.

18. Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais,is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh;óir Dia cóir is ea an Tiarna,is méanar don dream a bhfuil a súil leis.

19. Sea, a phobal Shíón, a bhfuil cónaí ort in Iarúsailéim, ní bheidh tú ag gol níos mó. Maithfidh sé duit ar chloisteáil do chaoineadh dó, agus tabharfaidh sé toradh air ar an toirt.

20. Cé go dtugann an Tiarna duit arán na hanbhuaine agus uisce na duainéise, an té a theagascann thú, ní cheilfidh é féin feasta, agus feicfidh do shúile an Té a theagascann thú.

21. Cloisfidh do chluasa an focal seo i do dhiaidh: “Seo an bealach, leanaigí é”, cuma ar dheis nó ar chlé a chasfaidh sibh.

22. Measfaidh tú ansin gur neamhghlan do phlátáil airgid do chuid íol agus do chlúdach óir do chuid dealbh. Caithfidh tú uait iad mar bheadh rud truaillithe ann; “Gread leat!” a déarfaidh tú leo.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 30