Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 30:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is mairg do chlann na ceannairce!- briathar an Tiarna é seo.Tá beart á chur i bhfeidhm acu nach liomsa é,ag snaidhmeadh páirtíochta nár shéid m'anáilse fúithi,ionas go bhfuil cion sa mhullach ar chion á charnadh acu.

2. Tá siad bailithe leo ag tarraingt ar an Éigipt,gan comhairle a iarraidh ó mo bhéal,ag lorg dídine faoi dhídean Fhorainnagus foscadh ar scáth na hÉigipte.

3. Ina hábhar náire agaibh a bheidh an dídean sin Fhorainn,foscadh scáth na hÉigipte ina chúis mearbhaill daoibh;

4. cé go bhfuil a thaoisigh tar éis teacht go Zoan,agus a theachtairí imithe fhad le Hánaes.

5. Tá féiríní ar iompar acu siúd uilechuig pobal nach fearrde iad é,nach dtabharfaidh cabhair ná cúnamh dóibhach náire agus masla.

6. Fáistine dar teideal: Ainmhithe na Tíre Theas.Trí dhúiche an anró agus na hanbhuaineis fearann don leon baineann, do leon na búiríola,don nathair nimhe agus don dragan eiteogach,a saibhreas ar dhroim asal acu,a dtaiscí ar chruit chamall acu,agus iad á n‑iompar chuig pobal nach fearrde iad é.

7. Óir tá cabhair na hÉigipte díomhaoin agus baoth;is é sin an fáth a dtugaim mar ainm uirthi:Ráhab na leisce.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 30