Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 3:19-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. bráisléid, caillí, filléid,

20. cóiriú gruaige, slabhairíní coise, criosanna, boscaí cumhráin agus briochtaí,

21. fáinní, sróiníní,

22. éadach luachmhar, fallaingeacha, cábaí, sparáin,

23. scátháin, línéadach mín, turbain agus caillí cloiginn.

24. In ionad an chumhráin, lofacht;in ionad creasa, súgán;in ionad gruaige cóirithe, cloigeann bearrtha,agus mar éide mhaiseach, éadach róin;in áit áilleachta, lorg an iarainn dheirg.

25. Titfidh do chuid fear leis an gclaíomh,agus do ghaiscígh sa choimheascar.

26. Beidh do gheataí ag caoineadh agus ag déanamh mairgní;agus beidh tú i do shuí ar an talamh, tarnocht.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 3