Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 3:17-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Fágfaidh an Tiarna a gcloigeann gearbachagus a náire tarnocht.”

18. Sa lá sin, tabharfaidh an Tiarna chun siúil fáinní múrnáin, corráin, síogairlíní,

19. bráisléid, caillí, filléid,

20. cóiriú gruaige, slabhairíní coise, criosanna, boscaí cumhráin agus briochtaí,

21. fáinní, sróiníní,

22. éadach luachmhar, fallaingeacha, cábaí, sparáin,

23. scátháin, línéadach mín, turbain agus caillí cloiginn.

24. In ionad an chumhráin, lofacht;in ionad creasa, súgán;in ionad gruaige cóirithe, cloigeann bearrtha,agus mar éide mhaiseach, éadach róin;in áit áilleachta, lorg an iarainn dheirg.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 3