Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 3:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sea, féach, tá an Tiarna Dia na Slua,ag dul an uile chrann taca a bhaintde Iarúsailéim agus de Iúdá,(taca aráin agus taca uisce);

2. gaiscíoch, ceithearnach, breitheamh agus fáidh,fear feasa, seanóir,

3. ceann feadhna, ceannasaí,comhairleoir, draoi agus ceard.

4. “Tabharfaidh mé ógánaigh mar phrionsaí dóibh,agus beidh siad faoi réir ag lucht baoise.”

5. Tá na daoine ag déanamh leatroim ar a chéileagus sin idir comharsana;an gasúr ag caitheamh sotail leis an seanduine,agus an daoscar leis an uasal,

6. ionas go bhfaighidh gach aon greim ar a dheartháir i dteach a athar:“Tá brat agat, bí i do thaoiseach orainn,agus tóg an fothrach seo de theaghlach idir lámha.”

7. Tabharfaidh an fear eile mar fhreagra air, an lá sin:“Ní fear leighis mise,níl arán ná brat i mo theach;ná déanaigí taoiseach díomsa ar an teaghlach.”

8. Go deimhin, tá Iarúsailéim ag dul in ainriocht,tá Iúdá ag titim i bhfothracha,óir, a gcaint agus a ngníomhartha i leith an Tiarna,is masla iad ar a ghlóir.

9. A sotal féin, is fianaise ina n‑éadan é,déanann siad gaisce as a bpeaca, amhail Sodom.Is trua a gcás,mar rinne siad a gcreachadh féin.

10. Abraigí: “Is méanar don fhíréan,mar íosfaidh sé toradh a ghníomhartha;

11. Is mairg don ainbheartach, tá an t‑olc anuas air,caithfear leis de réir saothar a lámh.”

12. A phobal liom, atá faoi ansmacht gasúraagus faoi anfhorlann ag mná.A phobal liom, tá do lucht rialtais ar seachránagus iad ag milleadh an bhealaigh romhat.

13. Tá an Tiarna ag dul suas chuig a chathaoir bhreithiúnais,tá sé ina sheasamh chun a phobal a chiontú.

14. Tá an Tiarna ag daoradhseanóirí agus prionsaí a phobail.“Is sibhse a chreachann an fíonghortagus a cheileann seilbh an bhochtáin in bhur dtithe.

15. Cén ceart atá agaibh chun mo phobál a bhascadh,agus aghaidh na mbochtán a bhrú?”Is é sin fáistine Thiarna Dia na Slua.

16. Dúirt an Tiarna: “De bharr dhíomaisiníonacha Shíón,mar go siúlann siad lena gceann suasagus iad ag caitheamh catsúile,mar go dtéann siad de ghearrchoiscéim,ag baint ceoil as a bhfáinní coise,

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 3