Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 29:8-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Amhail duine ocrach a dhéanann brionglóid go bhfuil sé ag ithe,músclaíonn sé agus a bholg folamh;nó duine tartmhar ag brionglóideach go bhfuil sé ag ól,músclaíonn sé go fannlag agus é spallta;is amhlaidh a bheidh le sluaite na gciníochaa chuireann comhrac ar shliabh Shíón.

9. Bígí bómánta agus dobhránta,bígí dall agus caoch;bígí ar meisce, ach ní le fíon,ag tuisliú, ach ní le tréan póite.

10. Óir tá an Tiarna tar éis toirchim suaina dhoirteadh sa mhullach oraibh;thug sé dúnadh ar bhur súile, na fáithe,agus chuir sé dallóg ar bhur gceann, an lucht físe.

11. Tá fís agus fáistine mar bheadh na focail i leabhar séalaithe agaibh anois. Tabhair a leithéid sin de leabhar do dhuine a bhfuil léamh aige agus abair leis: “Léigh sin.” Is é a fhreagraíonn sé: “Ní féidir liom, mar tá an leabhar faoi shéala.”

12. Nó tabhair an leabhar do dhuine nach bhfuil léamh aige agus abair leis: “Léigh sin.” Is é a fhreagra: “Níl léamh agam.”

13. Deir an Tiarna:“De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint,agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola,san áit gur fada uaim atá a gcroíagus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonnaatá de ghlanmheabhair acu,

14. mar sin féach, seo arís mé i gcionn éachta leo,éacht i ndiaidh éachta agus eachtra.Cuirfear eagna a lucht eagna ar ceal,tiocfaidh claochló ar éirim a lucht éirime.”

15. Is mairg dóibh siúd a théann i bhfolach go domhaind'fhonn a seifteanna a cheilt ar an Tiarna,ag beartú a gcealga sa dorchadasagus á rá: “Cé fheiceann sinn ná cé aithníonn sinn?”

16. Bunoscionn atá cúrsaí agaibh!An ionann an criadóir agus a chuid cré?An féidir don déantús a rá faoi fhear a dhéanta:“Ní dá dhéanamh siúd mise”?nó don bpota a rá faoin bpotaire:“Níl ceird ar bith aige”?

17. Achar gairid fós, agus is gairid é,go mbeidh an Liobáin ag tiontú ar ais ina ghairdín,agus gairdín a áireofar ina choill ar a bhoirbe fáis.

18. An lá sin, beidh na focail le clos ag bodhair agus leabhar á léamh,agus as lár an dúcháin agus an dorchadaistiocfaidh radharc i súile na ndall.

19. Beidh gairdeas ar na dearóile as an Tiarna arís,agus aoibhneas ar dhaoine bochta as Neach Naofa Iosrael,

20. mar ní ann don aintiarna níos mó, tá críoch le fear na fonóide,agus tá lucht drochfhuadair á ndísciú go léir:

21. an dream seo a chiontaíonn duine le focal,a chuireann gaiste i mbealach an bhreithiúin sa gheata,a chuireann cúis chóir ó mhaith le fianaise bhréige.

22. Dá thairbhe sin, is mar seo a labhraíonn an Tiarna,Dia theaghlach Iacóib,an té a rinne Abrahám a fhuascailt:“Ní bheidh náire ar Iacób feasta,ní bheidh sé bán san aghaidh níos mó,

23. óir feicfidh sé saothar mo lámh ina láthairagus déanfaidh sé m'ainmse a naomhú.Beidh Neach Naofa Iacóib á naomhú,beidh eagla roimh Dhia Iosrael.

24. Tiocfaidh lucht an mhearbhall intinne chun tuisceana,agus rachaidh lucht manráin le foghlaim.”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 29