Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 29:2-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. ansin cuirfidh mé Airéal i ngéibheann,beidh éagaoin ann agus éagnach.Beidh tú i d'Airéal agam go dearfa, i do thóiteán tine;

3. suífidh mé campa i do choinne mar a rinne Dáiví,cuirfidh mé túir léigir thart timpeall ort,tógfaidh mé claíocha léigir i d'éadan.

4. Beidh tú leagtha ar lár - do ghlór ag labhairt ón talamhagus do chaint ag teacht go húiríseal ón láib.Tiocfaidh do ghlór as an talamh aníos mar bheadh glór taibhse ann,agus do chaint as an láib ina gíogarnach.

5. Ar nós deannach mín a bheidh slua do naimhde ansinagus mar lóchán á shiabadh le gaoth an slua danartha.Agus go tobann, gan choinne,

6. beidh cuairt agat ó Thiarna na Slua,le toirneach, le torann agus le fuaim ollmhór,le doineann agus le hanfa agus lasair de thine loiscneach

7. Mar bhrionglóid agus mar fhís de chuid na hoíchedo shluaite na gciníocha agus iad ag cur cogaidh ar Airéal.

8. Amhail duine ocrach a dhéanann brionglóid go bhfuil sé ag ithe,músclaíonn sé agus a bholg folamh;nó duine tartmhar ag brionglóideach go bhfuil sé ag ól,músclaíonn sé go fannlag agus é spallta;is amhlaidh a bheidh le sluaite na gciníochaa chuireann comhrac ar shliabh Shíón.

9. Bígí bómánta agus dobhránta,bígí dall agus caoch;bígí ar meisce, ach ní le fíon,ag tuisliú, ach ní le tréan póite.

10. Óir tá an Tiarna tar éis toirchim suaina dhoirteadh sa mhullach oraibh;thug sé dúnadh ar bhur súile, na fáithe,agus chuir sé dallóg ar bhur gceann, an lucht físe.

11. Tá fís agus fáistine mar bheadh na focail i leabhar séalaithe agaibh anois. Tabhair a leithéid sin de leabhar do dhuine a bhfuil léamh aige agus abair leis: “Léigh sin.” Is é a fhreagraíonn sé: “Ní féidir liom, mar tá an leabhar faoi shéala.”

12. Nó tabhair an leabhar do dhuine nach bhfuil léamh aige agus abair leis: “Léigh sin.” Is é a fhreagra: “Níl léamh agam.”

13. Deir an Tiarna:“De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint,agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola,san áit gur fada uaim atá a gcroíagus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonnaatá de ghlanmheabhair acu,

14. mar sin féach, seo arís mé i gcionn éachta leo,éacht i ndiaidh éachta agus eachtra.Cuirfear eagna a lucht eagna ar ceal,tiocfaidh claochló ar éirim a lucht éirime.”

15. Is mairg dóibh siúd a théann i bhfolach go domhaind'fhonn a seifteanna a cheilt ar an Tiarna,ag beartú a gcealga sa dorchadasagus á rá: “Cé fheiceann sinn ná cé aithníonn sinn?”

16. Bunoscionn atá cúrsaí agaibh!An ionann an criadóir agus a chuid cré?An féidir don déantús a rá faoi fhear a dhéanta:“Ní dá dhéanamh siúd mise”?nó don bpota a rá faoin bpotaire:“Níl ceird ar bith aige”?

17. Achar gairid fós, agus is gairid é,go mbeidh an Liobáin ag tiontú ar ais ina ghairdín,agus gairdín a áireofar ina choill ar a bhoirbe fáis.

18. An lá sin, beidh na focail le clos ag bodhair agus leabhar á léamh,agus as lár an dúcháin agus an dorchadaistiocfaidh radharc i súile na ndall.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 29