Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 29:13-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Deir an Tiarna:“De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint,agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola,san áit gur fada uaim atá a gcroíagus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonnaatá de ghlanmheabhair acu,

14. mar sin féach, seo arís mé i gcionn éachta leo,éacht i ndiaidh éachta agus eachtra.Cuirfear eagna a lucht eagna ar ceal,tiocfaidh claochló ar éirim a lucht éirime.”

15. Is mairg dóibh siúd a théann i bhfolach go domhaind'fhonn a seifteanna a cheilt ar an Tiarna,ag beartú a gcealga sa dorchadasagus á rá: “Cé fheiceann sinn ná cé aithníonn sinn?”

16. Bunoscionn atá cúrsaí agaibh!An ionann an criadóir agus a chuid cré?An féidir don déantús a rá faoi fhear a dhéanta:“Ní dá dhéanamh siúd mise”?nó don bpota a rá faoin bpotaire:“Níl ceird ar bith aige”?

17. Achar gairid fós, agus is gairid é,go mbeidh an Liobáin ag tiontú ar ais ina ghairdín,agus gairdín a áireofar ina choill ar a bhoirbe fáis.

18. An lá sin, beidh na focail le clos ag bodhair agus leabhar á léamh,agus as lár an dúcháin agus an dorchadaistiocfaidh radharc i súile na ndall.

19. Beidh gairdeas ar na dearóile as an Tiarna arís,agus aoibhneas ar dhaoine bochta as Neach Naofa Iosrael,

20. mar ní ann don aintiarna níos mó, tá críoch le fear na fonóide,agus tá lucht drochfhuadair á ndísciú go léir:

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 29