Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 24:8-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Tá deireadh le meadhar na mbodhrán,agus críoch le callán lucht gairdis;tá deireadh le meadhar na gcláirseach.

9. Ní ólann siad fíon níos mó agus iad ag ceol,agus is searbh leis na pótairí an bhiotáille.

10. Tá cathair an neamhní ar lár,tá gach teach dúnta agus níl dul isteach iontu.

11. Táthar ag mairgneach sna sráideanna cheal fíona;tá deireadh leis an uile lúcháir,tá an t‑áthas díbeartha ón tír.

12. Níl fágtha sa chathair ach léirscrios,tá an geata briste ina chonamar.

13. Is amhlaidh sin a bheidh an talamh ar fad,i gcás na gciníocha uile,mar a bhíonn na crainn olóige nuair a chraitear an toradh astu,mar a bheadh deasca na fíniúna agus fómhar an fhíona déanta.

14. Gáireann daoine amach in ard a gcinn, liúnn siad le barr áthais;canann siad mórgacht an Tiarna ó chois na farraige thiar.

15. Sna hoileáin freisin táthar ag glóiriú an Tiarna,agus i gcríocha na farraige ainm an Tiarna, Dia Iosrael.

16. Ó chríocha na cruinne cloisimid iad ag ceol: “Glóir don Fhíréan!”Ach deirimse: “Is leor, is leor sin!Drochrath ar lucht fill a dhéanann feall,ar lucht fill a dhéanann feall go fealltach!”

17. Scéin agus clais agus gaisteis ea do chuid, a dhuine atá i do chónaí ar talamh!

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 24