Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 24:15-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Sna hoileáin freisin táthar ag glóiriú an Tiarna,agus i gcríocha na farraige ainm an Tiarna, Dia Iosrael.

16. Ó chríocha na cruinne cloisimid iad ag ceol: “Glóir don Fhíréan!”Ach deirimse: “Is leor, is leor sin!Drochrath ar lucht fill a dhéanann feall,ar lucht fill a dhéanann feall go fealltach!”

17. Scéin agus clais agus gaisteis ea do chuid, a dhuine atá i do chónaí ar talamh!

18. An té a theitheann ó thorann na scéine,titfidh sé sa chlais;má dhreapann sé aníos as an gclais,béarfar air sa ghaiste.Óir tá fuinneoga na bhflaitheas ar leathadh,agus bunsraith na talún ar crith.

19. Tá an talamh briste ina smionagar,tá an talamh á scoilteadh agus á scáineadh,tá an talamh ag crith agus ag creathnú.

20. Tá an talamh ag stangadh mar bheadh fear meisce ann,tá sé ag longadán mar bheadh scáthlán ann;is trom é an t‑ualach air a chuid peacaí,titeann sé gan éirí i ndán dó.

21. An lá sin, léasfaidh an Tiarna slua na spéire sa spéir,agus abhus ar talamh ríthe na talún.

22. Baileofar i dtoll a chéile iad ar nós cimí i bpluais,caithfear isteach sa charcair iadagus i ndiaidh na mblianta fada gheobhaidh siad a bpionós.

23. Beidh náire ar an ngealach, agus ceann faoi ar an ngrian,óir déanfar rí de Thiarna na Sluaar shliabh Shíón in Iarúsailéimagus foilseofar a ghlóir i láthair a sheanóirí.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 24