Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 24:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Féach, tá an Tiarna ag creachadh na talún,tá sé á scriosadh agus á hiompú bun os cionn;tá a muintir á scaipeadh aige,

2. idir chléir agus thuath, idir uasal agus íseal,máistreás agus searbhónta, díoltóir agus ceannaitheoir,iasachtóir agus iasachtaí, creidiúnaí agus féichiúnaí.

3. Creachta agus seanchreachta atá sí, mar thalamh;sladaithe agus deargshladaithe a bheidh,mar a d'ordaigh an Tiarna.

4. Tá an talamh faoi bhrón agus in ísle brí,tá an domhan ag meath agus in ísle brí,tá neamh agus talamh ag meath.

5. Tá an talamh truaillithefaoi chosa a cuid áitreabhach,óir sháraigh siad na dlíthe, bhris na reachtanna,choill an conradh síoraí.

6. Is ar an ábhar sin atá crann smola ag alpadh na talúnagus a háitreabhaigh ag íoc as a gcionta.Is uime sin atá áitreabhaigh na talún ina ngualach dóite,agus gan ach beagán den chine daonna fágtha.

7. Tá an fíon faoi bhrón, an fhíniúin ag meath,agus lucht an ghliondar croí ag osnaíl.

8. Tá deireadh le meadhar na mbodhrán,agus críoch le callán lucht gairdis;tá deireadh le meadhar na gcláirseach.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 24