9. Is é Tiarna na Slua a bheartaigh,chun díomas a scéimhe a ísliú,chun toicithe na talún a chaitheamh síos.
10. Téigí le talmhaíocht, a mhuintir Thairsís,níl an calafort ann níos mó!
11. Shín an Tiarna amach a lámh os cionn na farraigeagus chroith sé a cuid ríochtaí;thug sé an t‑ordú go scriosfaí dúnfoirt Chanán.
12. Dúirt sé: “Ná bíodh lúcháir ort níos mó,a mhaighdean ar a ndearnadh éigean,a iníon Shíodóine!Dá n‑éireofá agus triall anonn go Citím;thall ansin fiú, níl scíth i ndán duit ach oiread.”
13. Féach an tír seo dár dhual longa!Thóg na Caildéigh a dtúir léigir.Leag siad a cuid daingeanagus d'fhág ina ballóg í.
14. Caoinigí, a longa Thairsís,mar tá bhur longfort scriosta!
15. Tarlóidh sé an lá sin go ndéanfar dearmad ar an Tuír go cionn deich mbliana agus trí scór. Ach nuair a thiocfaidh rí eile i gcoróin, i gcionn deich mbliana agus trí scór, beidh an Tuír cosúil le striapach an amhráin:
16. Tóg do chláirseach, déan cuairt na cathrach,a striapach bhocht thréigthe!Seinn go binn, croch suas do cheol,spreag cuimhne ort sna daoine arís!
17. Mar sin i gcionn deich mbliana agus trí scór tiocfaidh an Tiarna ar a chuairt chuig an Tuír. Tosóidh sí arís ar chúiteamh a cuid striapachais a fháil. Deanfaidh sí striapach di féin le ríochtaí an domhain uile ar dhroim talún.
18. Ach déanfar a sochar agus a tuarastal a thiomnú don Tiarna; ní chruinneofar ná ní chuirfear i dtaisce iad. Is dóibh siúd a chaitheann a saol os comhair an Tiarna a rachaidh a sochar, chun go mbeidh a sáith le hithe acu agus éadach galánta.