4. Náire agus ceann faoi ort, a Shíodón,óir seo mar a labhraíonn an tréanmhuir:“Tinneas clainne níl orm feasta, ná ní bheirim leanbh;níl clann mhac agam le tógáilná iníonacha le hoiliúint.”
5. Nuair a gheobhaidh siad an tuairisc san Éigipt,beidh siad ar crith de bharr chinniúint na Tuíre.
6. Tógaigí oraibh go Tairsís siar, a deir siad,bígí ag mairgneach, a mhuintir an chósta.
7. An é sin bhur gcathair ghriothalánach,a bhfuil cáil uirthi ón seanam anall,a dtugadh a cosa ag taisteal i bhfad,chun cónaí a dhéanamh i gcéin?
8. Cé a cheap an beart seoi gcoinne Tuír na gcoróineacha,a mbíodh a ceannaithe ina bprionsaí,agus a trádálaithe ar mhóruaisle na talún?
9. Is é Tiarna na Slua a bheartaigh,chun díomas a scéimhe a ísliú,chun toicithe na talún a chaitheamh síos.
10. Téigí le talmhaíocht, a mhuintir Thairsís,níl an calafort ann níos mó!
11. Shín an Tiarna amach a lámh os cionn na farraigeagus chroith sé a cuid ríochtaí;thug sé an t‑ordú go scriosfaí dúnfoirt Chanán.
12. Dúirt sé: “Ná bíodh lúcháir ort níos mó,a mhaighdean ar a ndearnadh éigean,a iníon Shíodóine!Dá n‑éireofá agus triall anonn go Citím;thall ansin fiú, níl scíth i ndán duit ach oiread.”
13. Féach an tír seo dár dhual longa!Thóg na Caildéigh a dtúir léigir.Leag siad a cuid daingeanagus d'fhág ina ballóg í.
14. Caoinigí, a longa Thairsís,mar tá bhur longfort scriosta!