Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 23:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Fáistine i dtaobh na Tuíre.Caoinigí, a longa Thairsís,mar tá bhur longfort scriosta.Ar a mbealach ó thír Chitímis ea chuala siad an scéala.

2. Déanaigí mairgneach, a mhuintir an chósta,a cheannaithe Shíodóine,a mbíodh bhur bhfeidhmeannaigh ag taisteal na bhfarraigí

3. agus na bóchna móire.Arbhar na Níle agus fómhar na hAbhanna rinne a saibhreas,agus bhíodh sí ag díol leis an domhan mór.

4. Náire agus ceann faoi ort, a Shíodón,óir seo mar a labhraíonn an tréanmhuir:“Tinneas clainne níl orm feasta, ná ní bheirim leanbh;níl clann mhac agam le tógáilná iníonacha le hoiliúint.”

5. Nuair a gheobhaidh siad an tuairisc san Éigipt,beidh siad ar crith de bharr chinniúint na Tuíre.

6. Tógaigí oraibh go Tairsís siar, a deir siad,bígí ag mairgneach, a mhuintir an chósta.

7. An é sin bhur gcathair ghriothalánach,a bhfuil cáil uirthi ón seanam anall,a dtugadh a cosa ag taisteal i bhfad,chun cónaí a dhéanamh i gcéin?

8. Cé a cheap an beart seoi gcoinne Tuír na gcoróineacha,a mbíodh a ceannaithe ina bprionsaí,agus a trádálaithe ar mhóruaisle na talún?

9. Is é Tiarna na Slua a bheartaigh,chun díomas a scéimhe a ísliú,chun toicithe na talún a chaitheamh síos.

10. Téigí le talmhaíocht, a mhuintir Thairsís,níl an calafort ann níos mó!

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 23