Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 22:18-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Corann agus cornann sé thú i do chorna,agus caitheann i do cheirtlín thú i dtír leitheadach amach.Is ann a gheobhaidh tú bás,agus is ann a fhágfar na carbaid a bhfuil tú chomh teann astu;tusa atá i do chúis náire do theaghlach do thiarna.”

19. Brisfidh mé as do phost thú,as d'ionad stróicim thú anuas;

20. agus an lá céanna glaoim ar mo sheirbhíseach, Eiliácaím mac Hilciá.

21. Tá mé chun a ghléasadh i d'ionarsa,chun é a fheistiú le do shursaing,agus tugaim do chumhacht isteach ina láimh,agus beidh sé ina athair ag muintir Iarúsailéim,agus ag teaghlach Iúdá.

22. Tá mé ag leagan eochair theach Dháiví ar a ghualainn;má osclaíonn sé, ní dhúnfar;má dhúnann, ní osclófar.

23. Cuirim i bhfostú é mar bheadh tairne in áit dhaingean:déanfar cathaoir onóra de i gcomhair theaghlach a athar.

24. Beidh maoin theaghlach a athar ar fad crochta as - idir shíol agus shliocht - na mionghréithe go léir, idir choirn agus chrúisciní.

25. Sa lá sin - briathar Thiarna na Slua - tabharfaidh sé uaidh, an tairne sin a cuireadh i bhfostú san áit dhaingean. Ropfar amach é agus titfidh sé. Agus an t‑ualach iomlán atá ag crochadh as, brisfear é, óir tá an Tiarna tar éis labhairt.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 22