Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 22:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Fáistine in aghaidh Ghleann Hionnom.Cad tá ort go bhfuil tú imithe suas ar fadar bharr na dtithe,

2. a chathair an challáin, a bhaile na círéibe,agus tú lán de ghairdeas?Ní coscar claímh do choscar,ná ní sa chath a thit do chuid marbh;

3. tá do cheannfoirt uile i ndiaidh a thabhairt do na boinn,ina bpríosúnaigh gan bogha a lúbadh.An chuid is cróga agaibh, tá siad ina bpríosúnaigh,tar éis gur theith siad i bhfad ar shiúl.

4. Is ar an ábhar sin a deirim:“Iompaígí uaim go gcaoine mé go goirt;ná bígí ag brú sóláis ormi ndíothú iníon mo mhuintire.”

5. Óir lá trioblóide agus treascartha agus tranglaim atá chugainn,agus is é an Tiarna Dia na Slua faoi deara é.Sa ghleann sin Hionnom tá ballaí á leagan,táthar ag scairteadh ar chabhair ar an sliabh.

6. Tá Éalám ag breith chuige a bholgán saighead,agus Arám ag dul sa diallait;tá Cír ag baint an chumhdaigh dá sciath.

7. An chuid is áille de do ghleannta,tá siad breac le carbaid;tá an marcshlua in ionad os coinne na ngeataí.

8. Agus sin críoch le cosaint Iúdá.Bhí do shúil an lá sinle harmlann Áras na Foraoise.

9. Bhreathnaigh sibh chomh líonmharagus bhí na bearnaí i múr chathair Dháiví.Cheap sibh uiscí na Linne Íochtair.

10. Rinne sibh tithe Iarúsailéim a chuntas,agus leag sibh cuid acu chun an múr a dhaingniú.

11. I lár báire, rinne sibh obair idir an dá mhúrfaoi choinne uisce na Seanlinne.Ach níor chuimhnigh sibh ar an gCruthaitheoirná ní fhaca an Té a mhúnlaigh an t‑iomlán fadó riamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 22