Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 21:8-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Scairt an fear faire ansin:“Ar thúr na faire, a Thiarna,tá mé i mo sheasamh an lá ar fad,agus oíche in aghaidh na hoíche i mbun mo gharda.

9. Féach, seo chugainn an marcshlua,na marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt.”Agus tháinig an freagra ar ais:“Tá sí ar lár, tá an Bhablóin ar lár,agus dealbha a cuid déithe uileina smionagar ar talamh.”

10. A phobal liom atá do do bhualadhi do choirce ar an láithreán buailte,an ní a chuala mé ó Thiarna na Slua, ó Dhia Iosrael,is é atá á fhógairt agam duit.

11. Fáistine i dtaobh Eadóm.Táthar ag glaoch orm as Saeír:“A fhir fhaire, cá fada fós an oíche?A fhir fhaire, cá fada fós an oíche?”

12. Is é freagra an fhir fhaire:“Chugainn an mhaidin,agus an oíche arís ina diaidh.Más gá daoibh fiafraí, bígí ag fiafraí;ach iompú thart is gá daoibh, agus filleadh.

13. Fáistine fá choinne an mhachaire.A bhuíonta fáin na nDéadánach,arb é scrobarnach an mhachaire is ceathrúin oíche daoibh,

14. tugaigí uisce libh in airicis lucht an íota;a mhuintir Théamá, amach libh le bia ar chionn na dteifeach.

15. Óir is ón gclaíomh atá siad ag teitheadh,ó fhaobhar an chlaímh,ón mbogha agus é lúbtha,agus ó bhroid an chatha.

16. Is ea, labhair an Tiarna liom mar seo: “Bliain amháin eile, a háireamh mar a dhéanfadh fear aimsire, agus beidh críoch le glóir agus le neart Chéadár.

17. De líon lucht na mboghanna, de ghaiscígh chlann Chéadár, is beag a bheidh fágtha, óir is é an Tiarna, Dia Iosrael, a dúirt é.”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 21