Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 21:5-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Tá an bord á chóiriúagus á chlúdach le héadach;táthar ag ithe agus ag ól...Suas libh, a cheanna feadhna!Smearaigí bhur sciath.

6. Óir seo an rud a dúirt an Tiarna liom:“Gabh agus cuir fear i mbun faire,fógraíodh sé an méid atá le feiceáil aige.

7. Feiceann sé marcshlua,marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt,marcaigh ar asail, marcaigh ar chamaill.Tá sé ag airdeall, ag airdeall go haireach.”

8. Scairt an fear faire ansin:“Ar thúr na faire, a Thiarna,tá mé i mo sheasamh an lá ar fad,agus oíche in aghaidh na hoíche i mbun mo gharda.

9. Féach, seo chugainn an marcshlua,na marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt.”Agus tháinig an freagra ar ais:“Tá sí ar lár, tá an Bhablóin ar lár,agus dealbha a cuid déithe uileina smionagar ar talamh.”

10. A phobal liom atá do do bhualadhi do choirce ar an láithreán buailte,an ní a chuala mé ó Thiarna na Slua, ó Dhia Iosrael,is é atá á fhógairt agam duit.

11. Fáistine i dtaobh Eadóm.Táthar ag glaoch orm as Saeír:“A fhir fhaire, cá fada fós an oíche?A fhir fhaire, cá fada fós an oíche?”

12. Is é freagra an fhir fhaire:“Chugainn an mhaidin,agus an oíche arís ina diaidh.Más gá daoibh fiafraí, bígí ag fiafraí;ach iompú thart is gá daoibh, agus filleadh.

13. Fáistine fá choinne an mhachaire.A bhuíonta fáin na nDéadánach,arb é scrobarnach an mhachaire is ceathrúin oíche daoibh,

14. tugaigí uisce libh in airicis lucht an íota;a mhuintir Théamá, amach libh le bia ar chionn na dteifeach.

15. Óir is ón gclaíomh atá siad ag teitheadh,ó fhaobhar an chlaímh,ón mbogha agus é lúbtha,agus ó bhroid an chatha.

16. Is ea, labhair an Tiarna liom mar seo: “Bliain amháin eile, a háireamh mar a dhéanfadh fear aimsire, agus beidh críoch le glóir agus le neart Chéadár.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 21