2. - is scáfar an fhís a fuair mé -tá fear na creiche i mbun creiche,tá an sladaí ag slad.“Suas leat, a Éalám,suas chun an léigir libh, a Mhéideacha!Cuirfidh mise críoch leis an gcaoineadh.”
3. Is uime sin atá mo chorrógaar bhall amháin creatha;fuair na freanga greim orm,mar bheadh freanga mná seolta;tá mé róbhuartha le cloisint,róscanraithe le feiceáil.
4. Tá mearbhall ar mo chroí;tá scaoll orm de bharr an chreatha;an clapsholas a raibh mé ag dréim leis,is cúis chearthaí dom é.
5. Tá an bord á chóiriúagus á chlúdach le héadach;táthar ag ithe agus ag ól...Suas libh, a cheanna feadhna!Smearaigí bhur sciath.
6. Óir seo an rud a dúirt an Tiarna liom:“Gabh agus cuir fear i mbun faire,fógraíodh sé an méid atá le feiceáil aige.