Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 20:3-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ansin dúirt an Tiarna: “Díreach mar bhí mo sheirbhíseach Íseáia ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht ar feadh trí bhliain, ina chomhartha agus ina mhana don Éigipt agus do Chúis,

4. is amhlaidh a dhéanfaidh rí na hAsaíre cimí na hÉigipte agus deoraithe Chúis a chinnireacht ar shiúl leis, idir óg agus aosta, tarnocht agus cosnocht agus másnocht.

5. Agus beidh eagla agus náire oraibh as Cúis, a raibh bhur muinín ann, agus as an Éigipt, a raibh sibh chomh teann sin aisti.

6. Agus déarfaidh muintir an chósta anseo: ‘Féach ar tharla don té a raibh muinín againn ann agus a ndeachaigh muid chuige ar lorg cabhrach agus dídine ar rí na hAsaíre. Cén bealach éalaithe atá againn anois?’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 20