Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 2:11-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Beidh ceann faoi ar an uabhar daonna;ísleofar díomas an duine.Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin.

12. Sea, lá Thiarna na Slua a bheidh ann,i gcoinne an uile uabhair agus dhíomais,i gcoinne an uile ghradaim, chun a bhascadh,

13. i gcoinne chéadras na Liobáine go léiragus chrann darach Bháiseán go léir,

14. i gcoinne na sléibhte buacacha ar fadagus na gcnocán ard ar fad,

15. i gcoinne na dtúr ard uileagus na mbábhún crioslaithe uile

16. i gcoinne loingeas Thairsís go léiragus a n‑earraí luachmhara go léir...

17. Ísleofar an t‑uabhar daonna,tabharfar béim síos do dhíomas an duine.Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin,

18. agus caithfear síos na déithe bréige go léir.

19. Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig,isteach i bpluaiseanna an talaimh,ar aghaidh scéin an Tiarnaagus maise a mhórgachta,nuair a éiríonn séchun an talamh a chroitheadh.

20. An lá sin, caithfidh an duine chuig na caocháin agus chuig na sciatháin leathair na híola airgid agus na híola óir a dhealbhaigh sé dó féin lena n‑adhradh,

21. nuair a rachaidh sé a lorg dídine i ngága na gcarraigagus i scoilteanna na n‑ailteannaar aghaidh scéin an Tiarnaagus maise a mhórgachta,nuair a éiríonn séchun an talamh a chroitheadh.

22. Ná bíodh do mhuinín sa duine a thuilleadh,nach bhfuil ach puth ghaoithe ina pholláirí.Cén luach a chuirfí síos dó?

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 2