Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 14:19-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Ach tusa, tá tú caite amach as d'uaighmar bheadh dramhaíl déistineach,ár agus coscairt chlaímh sa mhullach ort,agus tú ar chlocha na díge i do chosair chró.

20. Ní bheidh cuid ar bith leo siúd agat san adhlacadh.Óir tá do thír féin scriosta agat,agus do mhuintir díothaithe.Ní bheidh iomrá go deo arísar ál sin na n‑urchóideach.

21. Cuirigí eirleach in áirithe dá chlann mhaci gcúiteamh ar mhírún a n‑athar.Ná héirídís go deo aríschun an domhan a ghabháil ina seilbh,chun aghaidh na talún a chlúdach lena líon.

22. “Éireoidh mé suas ina n‑éadan - briathar Thiarna na Slua - agus teascfaidh mé den Bhablóin a hainm agus a hiarsma. Gan síol gan sliocht a bheidh sí - briathar an Tiarna.

23. Déanfaidh mé fearann don ghráinneog aisti, agus riasc. Scuabfaidh mé í le scuab an scriosta - briathar Thiarna na Slua.”

24. Thug Tiarna na Slua a mhionn air, á rá: “Cinnte!Díreach mar a thuar mé, is amhlaidh a thiocfaidh isteach.An rud a shocraigh mé, is é a chuirfear i gcrích:

25. An Asaír a bhriseadh i mo dhúiche féin,í a bhascadh ar mo shléibhte.Sleamhnóidh a cuing díbh,sleamhnóidh a hualach de bhur ngualainn.’

26. Is é seo an beart ar cinneadh airin éadan na talún go hiomlán;is í seo an lámh atá sínte amachin éadan na náisiún.

27. Ó chinn Tiarna na Slua ar a bheart,cé a leomhfadh a chur ar ceal?Má shíneann sé amach a lámh,cé a thabharfadh air í a tharraingt chuige isteach?

28. An bhliain a bhfuair Áchaz rí bás a tugadh an fháistine seo:

29. Ná bíodh gairdeas ortsa, a Fhilistía go léir,de bharr gur briseadh an bata a bhíodh do do léasadh,óir as pór na péiste tiocfaidh nathair,agus a thoradh sin arís, beidh ina dhragan sciathánach.

30. Ach beidh na bochtáin ag iníor ar mo thailte féaraigh,agus na truáin ag ligean a scíthe go slán sábháilte.Maidir le do shliochtsa, áfach, tabharfaidh mé a mbás le hocrasagus maróidh mé a bhfuil fágtha díbh.

31. Lig uaill sa gheata! Glaoigh ar chabhair sa chathair!Bíodh scéin ort, a Fhilistía go léir!Óir tá namhaid ag triall aduaidh ina dheatachagus fágálach ní bheidh ina chuid cathlán.

32. Cén freagra a thabharfar ansindo theachtairí an chine sin?An méid seo, gurb é an Tiarna a bhunaigh Síón ina háit,agus is ann a gheobhaidh dearóile a mhuintire dídean.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 14