Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 13:10-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Óir réaltaí neimhe ina mbuíonta,ní chuirfidh siad a solas ag lonrú a thuilleadh;tiocfaidh smúit ar an ngrian ar éirí di,ní thabharfaidh an ghealach a solas níos mó.

11. Smachtóidh mé an domhan cláir as ucht a urchóide,agus na ciontaigh de bharr a mí-rúin;cuirfidh mé críoch le sotal na mórtasachagus ísleoidh mé díomas lucht an uafáis.

12. Déanfaidh mé daoine níos gainne ná scoth an óir,níos teirce ná ór Óifír.

13. Is é sin an fáth a dtiocfaidh ballchrith ar na spéartha,go mbogfaidh an talamh as a áit,le barr buile Thiarna na Slua,sa lá a spréachfaidh a fhearg.

14. Ansin, mar a bheadh fia á sheilg,mar a bheadh tréad caorach gan duine lena locadh,tabharfaidh gach aon a aghaidh ar a mhuintir féin,agus teithfidh chun a dhúiche féin.

15. Gach aon a dtiocfar air, sáithfear le scian é;gach aon a mbéarfar air, titfidh sé leis an gclaíomh.

16. Bascfar a bpáistí os comhair a dhá súl,déanfar slad ar a dtithe agus éigean ar a mná.

17. Seo, tá mé ag gríosú na Méideach ina n‑aghaidh,gur cuma leo airgead agus gur táir leo ór.

18. Tá na gasúir á mbascadh agus na girseacha á mbrú.Toradh na broinne ní trua leo,ná níl trócaire ina súil d'aon mhac máthar.

19. An Bhablóin, péarla na ríochtaí,seod agus práinn na gCaildéach,beidh sí ar nós Shodom agus Ghomoránuair a threascair Dia iad.

20. Ní bheidh cónaí ansin níos mó,ná áitreabh ann ó ghlúin go glúin go deo.Ní chuirfidh an tArabach suas a bhoth ann a thuilleadh,ná na haoirí a dtréada ann i gcró.

21. Beidh a ngnáthóga ag na hainmhithe allta ann,agus beidh a cuid tithe lán d'ulchabháin.Beidh cónaí ar éanlaith an aeir ansin,agus na púcaí ag rince ina lár.

22. Beidh mic tíre ag glaoch ar a chéile ina hárais,agus na madraí allta ina páláis sháile...Tá a haimsir ar na gaobhair,ní chuirfear a laethe ar cairde.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 13