9. Nach ionann Hamát agus Arpád?nó an tSamáir agus an Damaisc?
10. Mar a d'aimsigh mo lámh ríochtaí na n‑íol,a ba líonmhaire dealbh ná Iarúsailéim agus an tSamáir,
11. mar a rinne mé leis an tSamáir agus lena cuid íol,nach amhlaidh fós a chaithfidh mé le Iarúsailéim agus lena dealbha?”
12. Nuair a bheidh a shaothar críochnaithe ag an Tiarna ar Shliabh Shíón agus in Iarúsailéim, smachtóidh sé toradh an díomais i gcroí rí na hAsaíre agus sotal a shúile dána.
13. Óir dúirt sé:“Le neart mo láimhe a rinne mé é,agus le mo ghaois, mar is mé atá críonna:chuir mé críocha náisiún ar ceal,agus rinne mé slad ar a stór.Chaith mé a lucht cónaithe ar a mbéal faoi sa láib
14. D'aimsigh mo lámh, mar i nead a bheadh sé,saibhreas na gciníocha.Mar a thógfá uibheacha a tréigeadh,bhailigh mé chugam an talamh ar fad,agus níor greadadh sciathán,níor osclaíodh gob, níor chualathas gíog.”
15. An ceadmhach don tua bheith ag déanamh gaisce i gcoinne fear a oibrithe?Nó don toireasc mórtas a dhéanamh in éadan fear a láimhsithe?Ionann is dá mbeadh an tslat ag bogadh an té a ardaíonn í,agus an bata ag cur anam sa té nach adhmad é.