Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 10:21-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Fillfidh fuílleach, fuílleach Iacóib,ar an Dia láidir.

22. Óir dá mb'ionann do phobal, a Iosrael, agus gaineamh na farraige, ní fhillfidh díobh ach fuílleach. Tá a léirscrios socraithe, rud a fhágfaidh an fhíréantacht ag cur thar maoil.

23. Óir an léirscrios atá socraithe aige, cuirfidh an Tiarna i gcrích é ar fud na tíre ar fad.

24. Is é sin an fáth a labhraíonn Tiarna na Slua mar seo:“A phobal liom, a bhfuil do chónaí i Síón,ná bíodh eagla ort roimh an Asaír a bhuaileann thú le bata,agus a thógann an tslat i do choinne.

25. Óir tamaillín beag fósagus beidh deireadh leis an bhfíoch,scriosfaidh m'fheargsa iad.

26. Os a chionn siúd craithfidh Tiarna na Slua an lasc,mar a rinne nuair a threascair sé Midián ag carraig Horaeb,agus nuair a shín sé a shlat in aghaidh na farraigeagus a thóg í os cionn bealach na hÉigipte.

27. Sa lá sin,sleamhnóidh a ualach siúd de do ghualainn,agus tógfar a chuing de do mhuineál.”Tá sé ag déanamh anall orainn bealach Rimeon,

28. tá sé ag teacht thar Áiat, ag dul trasna Mhigreon;i Micmeás tá a scuaine iompair fágtha i loc aige.

29. Anall leo ón talamh thall,i nGeaba atá siad ar ceathrúin oíche.Tá Rámá ar bhall amháin creatha,Gibeá Sól ag imeacht ina tháinrith;

30. A Bhat Gailím, liúraigh leat!A Laiseá, éist léi!Tabhair freagra uirthi, a Anatót!

31. Tá Madmaená ag teicheadh,muintir Ghéibím ar a seachnadh.

32. An lá seo féin déanfaidh sé sos i Nob.Bagróidh sé a lámh ar shliabh iníon Shíón,ar chnocán Iarúsailéim.

33. Féach, seo an Tiarna Dia na Sluaag teascadh na ngéag lá huafás.Tá barra na gcrann á ngearradh,agus na bilí is bródúla á leagan.

34. Tá ceartlár na foraoise ag titim leis an tua;tá an Liobáin agus a glóir ag turnamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 10