17. De sholas Iosrael déanfar tine,agus bladhaire dá Neach Naofa,ag loisceadh agus ag alpadh a dhriseachaagus a sceacha in aon lá amháin;
18. maise na foraoise agus na ngairdíní,ciorróidh sé idir chorp agus anam,beidh sí cosúil leis an othar atá ag meath.
19. Fuílleach chrainn na foraoise b'fhurasta a gcuntas,scríobhfadh páiste síos iad.
20. Sa lá sin,fuílleach Iosrael agus ar tháinig slán de theaghlach Iacóib,ní bheidh siad ag brath níos mó ar an té a bhuaileann iad,ach beidh siad ag brath go fírinneach ar an Tiarna,Neach Naofa Iosrael.
21. Fillfidh fuílleach, fuílleach Iacóib,ar an Dia láidir.
22. Óir dá mb'ionann do phobal, a Iosrael, agus gaineamh na farraige, ní fhillfidh díobh ach fuílleach. Tá a léirscrios socraithe, rud a fhágfaidh an fhíréantacht ag cur thar maoil.
23. Óir an léirscrios atá socraithe aige, cuirfidh an Tiarna i gcrích é ar fud na tíre ar fad.
24. Is é sin an fáth a labhraíonn Tiarna na Slua mar seo:“A phobal liom, a bhfuil do chónaí i Síón,ná bíodh eagla ort roimh an Asaír a bhuaileann thú le bata,agus a thógann an tslat i do choinne.