Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 10:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is mairg dóibhsean a reachtaíonn reachtanna éagóra,do scríobhaithe scríbhinní na hurchóide,

2. a dhiúltaíonn an cothrom do na dearóil,agus a chuireann bochtáin mo mhuintire as a gceart,a dhéanann na baintreacha a chreachadhagus a dhéanann slad ar na dílleachtaí.

3. Cad a dhéanfaidh sibh lá na hanachananuair a thiocfaidh an tubaiste ó chríoch i gcéin?Cé chuige a rithfidh sibh ar lorg cabhrach?Cá bhfágfaidh sibh bhur saibhreas in bhur ndiaidh?

4. Níl agaibh ach umhlú síos i measc na gcimí,nó titim i measc na marbh.Ach níl a fhearg síothlaithe,tá a lámh sínte amach i gcónaí.

5. Is mairg don Asaír, don tslait sin mo chorraí,an bata atá á bheartú agam le barr feirge!

6. In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é,i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air,chun iad a chreachadh agus a shlad,agus satailt orthu mar shalachar na sráide.

7. Ach níorbh é sin an rún a bhí aige féin,ní amhlaidh don bhreith a thug sé ina chroí.Ní raibh ina chroí siúd ach fonn díscithe,an iomad náisiún a stróiceadh ó chéile.

8. Bhí sé ag rá: “Nach cuma nó ríthe mo cheannairí go léir?Nach ionann iad Calno agus Cairceimis?

9. Nach ionann Hamát agus Arpád?nó an tSamáir agus an Damaisc?

10. Mar a d'aimsigh mo lámh ríochtaí na n‑íol,a ba líonmhaire dealbh ná Iarúsailéim agus an tSamáir,

11. mar a rinne mé leis an tSamáir agus lena cuid íol,nach amhlaidh fós a chaithfidh mé le Iarúsailéim agus lena dealbha?”

12. Nuair a bheidh a shaothar críochnaithe ag an Tiarna ar Shliabh Shíón agus in Iarúsailéim, smachtóidh sé toradh an díomais i gcroí rí na hAsaíre agus sotal a shúile dána.

13. Óir dúirt sé:“Le neart mo láimhe a rinne mé é,agus le mo ghaois, mar is mé atá críonna:chuir mé críocha náisiún ar ceal,agus rinne mé slad ar a stór.Chaith mé a lucht cónaithe ar a mbéal faoi sa láib

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 10