Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 9:19-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Sea, tá an caoineadh le clos as Síón,‘Cé mar atáimid sladta!Cé mar atáimid náirithe go deo!Óir tá orainn imeacht as an tír, agus slán a fhágáilag teach agus treabh!’ ”

20. Agus sibhse, a mhná, éistigí anois le briathar an Tiarna,gabhadh bhur gcluasa focal a bhéal.Múinigí do bhur n‑iníonacha caoineadh,múinigí dá chéile olagón.

21. Tháinig an bás suas chun ar bhfuinneog,agus rinne a bhealach isteach inar bpáláis;ghearr sé anuas na leanaí sa tsráid,na fir óga ar an bhfaiche.

22. Tá corpáin daoine ina luíamhail aoileach ar aghaidh an mhachaire,amhail punanna i ndiaidh an bhuanaí,agus ní chruinníonn aon duine iad.

23. Is mar seo a deir an Tiarna:“Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht,ná maíodh an fear cumasach as a chumas,ná an fear saibhir as a shaibhreas!

24. Ach an té a dhéanfadh glóir, déanfadh sé glóir as seo:go dtuigeann agus go n‑aithníonn sé mise.Óir is mé an Tiarna, rialaím ar talamh,le cineáltas, le ceart agus le fíréantacht;sea, is iontu seo atá mo dhúil - an Tiarna a labhraíonn.”

25. “Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus gearrfaidh mé pionós ar a bhfuil de dhaoine atá timpeallghearrtha san fheoil amháin:

26. An Éigipt, Iúdá, Clann Amón, Móáb agus na Bearracháin uile a chónaíonn san fhásach. Óir tá na ciníocha seo uile, agus fós teach Iosrael go hiomlán, gan timpeallghearradh sa chroí.”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 9