Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 9:11-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Déanfaidh mé Iarúsailéim ina carnán cloch,ina huaimh seacál,déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.”

12. Cé hé an duine críonna a thuigfidh é seo? Cé leis a labhair béal an Tiarna féin le go bhfoilseodh sé: Cad chuige ar scriosadh an tír, agus go ndearnadh fásach di gan siúl aon duine inti?

13. Dúirt an Tiarna: “Mar seo é, mar gur thréig siad mo dhlí a chuir mé rompu agus nár umhlaigh siad do mo ghuth agus nár lean é,

14. ach gur lean siad comhairlí a ndrochchroí féin i ndiaidh na mBálaím mar a mhúin a n‑aithreacha dóibh.

15. Mar sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Anois beathóidh mé an pobal seo le mormónta, agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól.

16. Scaipfidh mé i measc ciníocha iad narbh aithnid dá n‑aithreacha ná dóibh féin; agus cuirfidh mé an claíomh ina ndiaidh go scriosfaidh mé iad.”

17. Seo mar a deir Tiarna na Slua:“Thusa ansin! Glaoigh ar na mná caointe! Tagaidís!Cuir fios ar na mná is fearr chuige! Tagaidís siúd!

18. Déanaidís deifir go dtóga siad caoineadh dúinne!Go sile ár súile le deora, go sceithe ár bhfabhraí le huisce!

19. Sea, tá an caoineadh le clos as Síón,‘Cé mar atáimid sladta!Cé mar atáimid náirithe go deo!Óir tá orainn imeacht as an tír, agus slán a fhágáilag teach agus treabh!’ ”

20. Agus sibhse, a mhná, éistigí anois le briathar an Tiarna,gabhadh bhur gcluasa focal a bhéal.Múinigí do bhur n‑iníonacha caoineadh,múinigí dá chéile olagón.

21. Tháinig an bás suas chun ar bhfuinneog,agus rinne a bhealach isteach inar bpáláis;ghearr sé anuas na leanaí sa tsráid,na fir óga ar an bhfaiche.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 9