Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 7:29-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. Gearr díot do thrilse, caith uait iad.Tóg suas caoineadh ar na harda loma.Óir tharcaisnigh an Tiarna, thréig sé, ál a fhuathaíonn sé.’

30. “Sea, rinne clann mhac Iúdá an rud nach dtaitníonn liom - an Tiarna a labhraíonn - chuireadar a ngráiniúlachtaí sa Teampall a ghairtear i m'ainmse, á thruailliú.

31. Thóg siad áit ard Thoifit i nGleann Bein Hionnom, do loscadh a gclann mhac agus a n‑iníonacha sa tine; rud nár ordaigh mise riamh ná níor tháinig i mo chroí.

32. Mar sin tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - nach dtabharfar Toifit air níos mó ná Gleann Bein Hionnom, ach Gleann an Áir. Déanfar a n‑adhlacah i dToifit, cheal spáis;

33. beidh corpáin na ndaoine seo ina mbia ag éanlaith an aeir agus ag beithígh na talún, agus ní bheidh fear a ruaigthe ann.

34. Coscfaidh mé guth an tsubhachais agus na lúcháire, glór an fhir nuaphósta agus na brídeoige i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, óir déanfar fásach den dúiche ar fad.”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 7