Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 52:31-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

31. Sa seachtú bliain tríochad de dheoraíocht Iahóiácaím rí Iúdá, sa dara mí déag, ar an gcúigiú lá fichead den mhí rinne Eivíl Marodac rí na Bablóine, an bhliain a tháinig sé i gcoróin, pardún fial a thabhairt do Iahóiácaím rí Iúdá agus scaoil sé ón bpríosún é.

32. Bhí sé lách cneasta leis agus thug cathaoir dó a bhí os cionn cathaoireacha na ríthe eile a bhí in éineacht leis sa Bhablóin.

33. Chuir Iahóiácaím a éide phríosúin i leataobh agus gach lá dá shaol chaith sé bia go rialta ag bord an rí.

34. Agus thug an rí liúntas rialta dó lena chothú, lá i ndiaidh an lae, ar feadh a shaoil fad a mhair sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 52