Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 52:16-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. D'fhág captaen an gharda cuid de bhochtáin na tuaithe chun bheith ag treabhadh agus ag saothrú na bhfíonghort.

17. Bhris na Caildéigh ina smidiríní na colúin chré-umha i dTeampall an Tiarna; na seastáin agus an mhuir chré-umha a bhí i dTeampall an Tiarna, agus thug siad an cré-umha go léir leo go dtí an Bhablóin.

18. Thug siad leo chomh maith na miasa, na sluaistí, na sceana, na scálaí spréite, na loingíní túise, na fearais chré-umha go léir a d'usáidtí i seirbhís an Teampaill.

19. Thug captaen an gharda leis chomh maith na túisteáin, na babhlaí spréite, na luaithreáin, na cuacha, agus na fochupáin; a raibh déanta d'ór mar ór, agus a raibh déanta d'airgead mar airgead.

20. Maidir leis an dá cholún, [an t‑aon mhuir] an dá tharbh déag cré-umha faoin muir, agus na seastáin, a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, níorbh fhéidir a raibh de chré-umha iontu go léir a thomhas.

21. Bhí aon cholún amháin ocht mbanlámh déag ar airde, dhá bhanlámh dhéag ina thimpeall; bhí sé ceithre orlach ar thiús, agus é folamh.

22. Bhí mullach cré-umha air; cúig bhanlámh airde an mhullaigh; timpeall an mhullaigh bhí fíolagrán agus pomagránaití, agus iad go léir de chré-umha. Ba é an scéal céanna é ag an dara colún lena phomagránaití.

23. Bhí nócha sé pomagránait ar sileadh anuas, ag déanamh céad pomagránait ar fad timpeall ar an bhfíolagrán.

24. Ghabh captaen an gharda Saráiá an t‑ardsagart, agus Zafainiá an sagart den dara grád, agus trí gharda na tairsí.

25. Ghabh sé sa chathair coillteán a bhí i gceannas na saighdiúirí, seachtar de chomhairle an rí a fuarthas sa chathair, rúnaí cheann feadhna an airm a bhí i bhfeighil ar arm a thionól faoin tír, agus trí fichid de mhaithe na tíre a fuarthas sa chathair.

26. Thug Nabúzaradán, captaen an gharda, iad sin leis agus thug iad chun rí na Bablóine i Ribleá.

27. Chuir rí na Bablóine chun báis iad i Ribleá, i dtír Hamát. Rinneadh Iúdá a dhíbirt óna thír féin ar an gcuma sin.

28. Mar seo leanas uimhir na ndaoine a díbríodh ag Nabúcadnazar thar tír amach: sa seachtú bliain, trí mhíle Giúdach agus triúr ar fhichid;

29. san ochtú bliain déag de réimeas Nabúcadnazar, rug sé leis as Iarúsailéim ocht gcéad tríocha a dó duine;

30. sa tríú bliain fichead de réimeas Nabúcadnazar, rug Nabúzaradán, ceann an gharda, leis i láimh de na Giúdaigh seacht gcéad agus cúigear is daichead. Ceithre mhíle agus sé chéad, an uimhir ar fad.

31. Sa seachtú bliain tríochad de dheoraíocht Iahóiácaím rí Iúdá, sa dara mí déag, ar an gcúigiú lá fichead den mhí rinne Eivíl Marodac rí na Bablóine, an bhliain a tháinig sé i gcoróin, pardún fial a thabhairt do Iahóiácaím rí Iúdá agus scaoil sé ón bpríosún é.

32. Bhí sé lách cneasta leis agus thug cathaoir dó a bhí os cionn cathaoireacha na ríthe eile a bhí in éineacht leis sa Bhablóin.

33. Chuir Iahóiácaím a éide phríosúin i leataobh agus gach lá dá shaol chaith sé bia go rialta ag bord an rí.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 52