Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 52:10-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Chuir rí na Bablóine mic Zidicíá chun báis os a chomhair agus mharaigh flatha uile Iúdá i Ribleá;

11. ansin bhain na súile as Zidicíá féin agus rug rí na Bablóine leis chun na Bablóine é agus chuir i bpríosún é go lá a bháis.

12. Sa chúigiú mí ar an deichiú lá den mhí - ba í an naoú bliain déag í de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine - tháinig Nabúzaradán, captaen an gharda, oifigeach de chuid rí na Bablóine, isteach in Iarúsailéim.

13. Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.

14. Scrios na saighdiúirí Caildéacha go léir a bhí i dteannta chaptaen an gharda na ballaí go léir a bhí thart ar Iarúsailéim.

15. Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, (an chuid is boichte den phobal agus) an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.

16. D'fhág captaen an gharda cuid de bhochtáin na tuaithe chun bheith ag treabhadh agus ag saothrú na bhfíonghort.

17. Bhris na Caildéigh ina smidiríní na colúin chré-umha i dTeampall an Tiarna; na seastáin agus an mhuir chré-umha a bhí i dTeampall an Tiarna, agus thug siad an cré-umha go léir leo go dtí an Bhablóin.

18. Thug siad leo chomh maith na miasa, na sluaistí, na sceana, na scálaí spréite, na loingíní túise, na fearais chré-umha go léir a d'usáidtí i seirbhís an Teampaill.

19. Thug captaen an gharda leis chomh maith na túisteáin, na babhlaí spréite, na luaithreáin, na cuacha, agus na fochupáin; a raibh déanta d'ór mar ór, agus a raibh déanta d'airgead mar airgead.

20. Maidir leis an dá cholún, [an t‑aon mhuir] an dá tharbh déag cré-umha faoin muir, agus na seastáin, a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, níorbh fhéidir a raibh de chré-umha iontu go léir a thomhas.

21. Bhí aon cholún amháin ocht mbanlámh déag ar airde, dhá bhanlámh dhéag ina thimpeall; bhí sé ceithre orlach ar thiús, agus é folamh.

22. Bhí mullach cré-umha air; cúig bhanlámh airde an mhullaigh; timpeall an mhullaigh bhí fíolagrán agus pomagránaití, agus iad go léir de chré-umha. Ba é an scéal céanna é ag an dara colún lena phomagránaití.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 52