Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 52:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bhí Zidicíá bliain agus fiche d'aois an t‑am a tháinig sé i gcoróin, agus rialaigh sé aon bhliain déag in Iarúsailéim. Ba é ainm a mháthar Hamútal, iníon Irimia, ó Libneá.

2. Rinne sé an ní ab olc i súile an Tiarna díreach mar a rinne Iahóiácaím roimhe.

3. Is trí fhearg an Tiarna a tharla sé seo in Iarúsailéim agus in Iúdá, gur theilg sé uaidh iad faoi dheireadh. D'éirigh Zidicíá amach in aghaidh rí na Bablóine.

4. Sa naoú bliain dá réimeas, sa deichiú mí ar an deichiú lá den mhí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine, é féin agus a shlua uile, chun ionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim; shuigh sé a champa ina haghaidh agus thóg crémhótaí ina timpeall.

5. Bhí an chathair faoi léigear go dtí an t‑aonú bliain déag de réimeas Zidicíá.

6. Sa cheathrú mí, ar an naoú lá den mhí, nuair a bhí gorta ag réabadh roimhe sa chathair, agus gan bia ar bith ann don phobal,

7. rinneadh bearna i mballa na cathrach. Láithreach bonn theith an lucht troda uile amach faoi choim na hoíche as an gcathair tríd an ngeata idir an dá bhalla atá in aice ghairdín an rí - mar bhí na Caildéigh ar gach taobh den chathair - agus rinne siad a mbealach ionsar an Arabá.

8. Lean na saighdiúirí Caildéacha an rí agus nuair a tháinig siad suas le Zidicíá ar mhánna Ireachó, thréig a chuid saighdiúirí féin go léir é.

9. Ghabh siad an rí agus thug siad os comhair rí na Bablóine i Ribleá é i dtír Hamát, agus thug seisean breith air.

10. Chuir rí na Bablóine mic Zidicíá chun báis os a chomhair agus mharaigh flatha uile Iúdá i Ribleá;

11. ansin bhain na súile as Zidicíá féin agus rug rí na Bablóine leis chun na Bablóine é agus chuir i bpríosún é go lá a bháis.

12. Sa chúigiú mí ar an deichiú lá den mhí - ba í an naoú bliain déag í de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine - tháinig Nabúzaradán, captaen an gharda, oifigeach de chuid rí na Bablóine, isteach in Iarúsailéim.

13. Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 52