Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 5:23-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Ach tá croí ainrianta, easumhal ag an bpobal seo;d'éirigh siad amach - is maith chuige sin iad!

24. Ní dúirt siad ina gcroí: ‘Seo anois, bíodh eagla an Tiarna, ár nDia orainn;tugann sé fearthainn go luath, agus go déanach gach bliain go tráthúil,coimeádann dúinn seachtainí cinnte an fhómhair.’

25. Thóg bhur gcionta nithe maithe uaibh,ghiorraigh bhur bpeacaí na fabhair seo.

26. Is ea, tá drochdhaoine le fáil i measc mo phobail;spréann siad a líonta;fearacht éanairí cuireann siad dol,agus gabhann daoine.

27. Mar a bheadh cliabhán ann lán d'éanlaithamhlaidh sin tá a dtithe lán de chreach;d'éirigh siad mór agus saibhir dá bharr,

28. d'éirigh siad méith agus sleamhain.Go deimhin níl teorainn leo le holcas,níl meas acu ar an gceart,ní trua leo cás an dílleachta,cúis na mbocht, ní chosnaíonn siad.

29. An é nach gcaithfidh mé nithe dá shórt a chúiteamh leo- an Tiarna a labhraíonn -ná mo dhíoltas a agairtar a leithéid seo de náisiún?”

30. Tá nithe aduafara, uafásacha á ndéanamh sa tír;

31. tairngreann na fáithe go bréagach,teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin.Agus is maith le mo phobal é.Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 5