Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 5:13-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Níl na fáithe ach ag cur gaoithe,níl an briathar iontu.’

14. Ar an ábhar sin - a deir an Tiarna, Dia na Slua -Is mar seo a dhéanfar leoas ucht é sin a rá:déanfaidh mise m'fhocail ina thine ar do bhéal,agus an pobal seo ina bhrosna,le go loscfaidh an tine iad.

15. Tabharfaidh mé anois oraibh uile, cine ón imigéina theach Iosrael - is é an Tiarna a labhraíonn -is náisiún dochloíte é, náisiún seanda,náisiún nach aithnid duitse a theanga,ní thuigeann tú focal a deir siad.

16. Tá a mbolgán saighead amhail uaigh oscailte;is laochra cróga iad uile.

17. Slogfaidh siad an fómhar agat agus an t‑arán,slogfaidh siad do mhic agus d'iníonacha,slogfaidh do thréada agus do shealbháin,d'fhíniúna agus do chrainn figí,scriosfaidh siad do bhailte daingneina bhfuil do dhóchas.

18. “Ach sna laethanta sin féin - an Tiarna a labhraíonn - ní scriosfaidh mé ar fad sibh.

19. Agus nuair a déarfaidh siad: ‘Cad chuige a ndearna an Tiarna, ár nDia, na nithe seo linn?’ freagróidh tusa mar seo iad: ‘Faoi mar a thréig sibhse mise agus a rinne sibh fónamh do dhéithe iasachta ar bhur dtailte féin, mar an gcéanna caithfidh sibh fónamh do dhaoine iasachta i ndúiche nach libh féin.’ ”

20. Foilsígí é seo i dteach Iacóib, fógair é in Iúdá, á rá:

21. “Éistigí seo anois, a phobal dallintinneach gan tuiscint,- ag a bhfuil súile agus nach bhfeiceann,cluasa agus nach gcluineann.

22. Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa?- an Tiarna a labhraíonn -An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse,mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige,ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis;tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua,tonngháireann siad, níl dul thairis acu.

23. Ach tá croí ainrianta, easumhal ag an bpobal seo;d'éirigh siad amach - is maith chuige sin iad!

24. Ní dúirt siad ina gcroí: ‘Seo anois, bíodh eagla an Tiarna, ár nDia orainn;tugann sé fearthainn go luath, agus go déanach gach bliain go tráthúil,coimeádann dúinn seachtainí cinnte an fhómhair.’

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 5