Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 5:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Gabh anonn agus anall trí shráideanna Iarúsailéim,féach anois, agus bíodh a fhios agat,cuardaigh a cearnóga;má éiríonn leat fear a fháil,oiread agus fear a dhéanann an ceartagus a iarrann an fhírinne,tabharfaidh mise ansin maithiúnas di,[a deir an Tiarna].

2. Ach bíodh go n‑abrann siad: “Go maire an Tiarna,”ina dhiaidh sin mionnaíonn siad go bréagach.

3. A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne?Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu.Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú.Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig.Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.

4. “Is iad na miondaoine amháin nach bhfuil aon chiall acu,”arsa mise, “mar níl a fhios acu slí an Tiarna,ná reacht a nDé.

5. Rachaidh mé go dtí na daoine a bhfuil an chumhacht acuagus labharfaidh mé leo,óir beidh a fhios acu sin slí an Tiarna agus reacht a nDé.”Ach bhí an chuing briste,na cuibhreacha réabtha acu siúd freisin.

6. Sin é an fáth go maraíonn leon as an bhforaois iad,go ndéanann mac tíre an fhásaigh slad orthu,go bhfuil liopard i bhfolach ag faire ar a mbailte;cibé duine a ghabhann amach astu sractar ó chéile é -mar is do-áirithe a gcionta,is ag dul i méid atá a séanadh.

7. “Cad chuige go maithfinn duit é?Thréig do chlann mhac mé,agus mhionnaigh siad i ndéithe nach déithe iad in aon chor.Choinnigh mé bia leo, agus ghabh siad le hadhaltranas.Ghnáthaigh siad tithe na meirdreach.

8. Bhíodar ina staileanna macnasacha, iad beathaithe,gach aon duine acu ag seitreach i ndiaidh bean a chomharsan.

9. An é nach smachtóidh mise iad mar gheall ar na nithe sin - an Tiarna a labhraíonn -nach n‑agróidh mise mo dhíoltasar a leithéid seo de náisiún?

10. Dreapaigí suas ar a sraitheanna: Scriosaigí!Críochnaígí ar fad í!Bainigí anuas di a briongláin,ní leis an Tiarna iad.

11. Go deimhin is go fealltach a d'fheall sí orm,an teach seo Iosrael - an Tiarna a labhraíonn.

12. Shéan siad an Tiarna; dúirt siad: ‘Ní dhéanfaidh sé dada;ní thiocfaidh aon olc chugainn,claíomh ná gorta ní fheicfimid.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 5