Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 49:29-38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. Gabhtar a gcuid bothanna agus a dtréada;tógtar a mbratacha agus a soithí uile,agus freisin a gcuid camall.Déantar fógairt dóibh:‘Eagla ar gach uile thaobh!’

30. Teithigí! Folaigí sibh féin chomh mear agus is féidir libh,A chathróirí Hazór! Is é an Tiarna a labhraíonn.Óir tá plean ag Nabúcadnazar in bhur n‑éadan,tá comhairle ar a aigne aige in bhur n‑éadan:

31. “Éirígí! téigí in éadan cine atá go sámh,atá beo go muiníneach- an Tiarna a labhraíonn -nach bhfuil geataí acu ná barraí,a chónaíonn san uaigneas!

32. Beidh a gcamaill ina n‑éadáil,agus iomadúlacht a gcaorach ina gcreach.’Scaoilfidh mé leis na gaotha uile iad,na bearracháin sin,agus tabharfaidh mise anachain orthu ó gach taobh- an Tiama a labhraíonn.

33. Beidh Hazór ina bhrocais seacál,ina fhásach go brách,ní fhanfaidh aon duine ann níos mó,ní dhéanfaidh mac duine cónaí ann arís go brách.”

34. Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh i dtaobh Éalám, i dtosach réim Zidicíá rí Iúdá.

35. Is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Tá mé chun bogha Éalám, ceann a nirt, a bhriseadh.

36. Tabharfaidh mé ar Éalám na ceithre gaothaó cheithre airde neimhe,“agus scaoilfidh mé na hÉalámaigh leis na gaotha; ní bheidh cine ar bith nach dtiocfaidh díbeartaigh Éalám chucu.

37. “Tabharfaidh mé ar na hÉalámaigh creathnú i láthair a naimhde i láthair na droinge a iarrann a mbás.Tabharfaidh mé olc anuas orthu, m'fhearg bhorb féin.Ruaigfidh mé iad le béal an chlaímh,go gcuirfidh mé deireadh leo.

38. Suífidh mé mo ríchathaoir in Éalám,agus glanfaidh mé as rí agus uaisle- an Tiarna a labhraíonn.“Ach sna laethanta deireanacha tabharfaidh mé ar ais bránna Éalám. An Tiarna a labhraíonn.”

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 49