19. “Féach, cé mar a thagann an leonaníos as mothar na Iordáinechuig an féarach marthanach!Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad,agus cuirfidh mé ann mo rogha duine.Óir cé is cosúil liom?Cé a fhéadann mise a chiontú?Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m'éadan.
20. Mar sin éistigí le comhairle an Tiarnaatá socair aige in éadan Eadóm,an plean atá beartaithe aigein éadan áitritheoirí Théamán:Sea, tógfar chun siúil fiú an té is laige den tréad,ar a fheiceáil sin dóibh, beidh a dtréad ar ballchrith.
21. Corrófar an talamh le torann a dtitime;beidh an fhuaim le cloisteáil chomh fada le Muir na nGiolcach.
22. Seo é an té a bhíonn ag eitilt agus ag foluain ar nós iolair,a leathnóidh a sciatháin os cionn Bhozrá.Agus beidh croí fhir chogaidh Eadóm an lá sinmar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.”
23. I dtaobh na Damaisce:“Tá mearbhall ar Hamát,mar an gcéanna le hArpad;chuala siad drochscéala.Tá a gcroí [breoite le teann eagla].Ní féidir iad a shuaimhniú.
24. Tá an Damaisc gan mhisneach,ullmhaíonn sí chun teitheadh,tá sí ar crith,(gabhann dobrón agus doilíos ímar a bheadh bean in íona).
25. Céard seo! An baile cáiliúil sin ina fhásach,cathair sin na meidhre?
26. “Ar an ábhar sin titfidh a fir óga ina sráideanna, agus éagfaidh an uile fhear cogaidh aici ar an lá sin. Is é Tiarna na Slua a labhraíonn.
27. Lasfaidh mé tine taobh istigh de bhallaí na Damaisce;slogfaidh sí páláis Bhein Hadad.”
28. I dtaobh Chéadar agus ríochtaí Hazór a chuir Nabúcadnazar rí na Bablóine faoi chois. Is mar seo a deir an Tiarna:“Éirígí! Tugaigí aghaidh ar Chéadar,scriosaigí clann mhac an oirthir!
29. Gabhtar a gcuid bothanna agus a dtréada;tógtar a mbratacha agus a soithí uile,agus freisin a gcuid camall.Déantar fógairt dóibh:‘Eagla ar gach uile thaobh!’