Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 48:38-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

38. Ar dhíonta tithe Mhóáb agus ina shráideanna, níl le clos ach caoineadh, mar bhris mé Móáb mar a bhrisfí soitheach nach dteastaíonn ó aon duine - an Tiarna a labhraíonn.

39. Céard é seo! Briste? Céard é seo! Móáb an ea, á chur ar gcúl go náireach? Céard é seo! Móáb a bheith ina scige, ina ábhar uafáis ag a chomharsana uile?”

40. Óir is mar seo a deir an Tiarna:“(Féach, eitlíonn sé ar nós iolair,agus leathnóidh sé a sciatháin os cionn Mhóáb.)

41. Tógfar i láimh na bailte,beidh seilbh ar na háiteanna daingne.(“Agus beidh croí na bhfear cogaidh an lá sin i Móáb mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.)

42. Scriosfar Móáb ó bheith ina phobal,mar gur mhéadaigh sé é féin in éadan an Tiarna.

43. Tá an scéin, an poll, an gaiste i ndán duit,a áitreabhaigh Mhóáb- an Tiarna a labhraíonn.

44. An té a theitheann ón scéin,titfidh sé isteach sa pholl;ag dreapadh aníos as an bpoll dótógfar sa ghaiste é.Sea, sin iad [na sciúirsí] a bhuailfidh mé ar Mhóábi mbliain a chuardaithe- an Tiarna a labhraíonn.

45. Rinneadar moill faoi dhíon Heisbeon,na teifigh agus iad go traochta.Ach tháinig tine as Heisbeon,lasair as pálás Shíochon;loisc sé malaí Mhóáb,cloigeann na ndaoine ceannairceacha.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 48