Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 48:37-47 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

37. Sea, tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg gearrtha, tá scoradh ar na lámha uile, sacéadach ar na leasracha uile.

38. Ar dhíonta tithe Mhóáb agus ina shráideanna, níl le clos ach caoineadh, mar bhris mé Móáb mar a bhrisfí soitheach nach dteastaíonn ó aon duine - an Tiarna a labhraíonn.

39. Céard é seo! Briste? Céard é seo! Móáb an ea, á chur ar gcúl go náireach? Céard é seo! Móáb a bheith ina scige, ina ábhar uafáis ag a chomharsana uile?”

40. Óir is mar seo a deir an Tiarna:“(Féach, eitlíonn sé ar nós iolair,agus leathnóidh sé a sciatháin os cionn Mhóáb.)

41. Tógfar i láimh na bailte,beidh seilbh ar na háiteanna daingne.(“Agus beidh croí na bhfear cogaidh an lá sin i Móáb mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.)

42. Scriosfar Móáb ó bheith ina phobal,mar gur mhéadaigh sé é féin in éadan an Tiarna.

43. Tá an scéin, an poll, an gaiste i ndán duit,a áitreabhaigh Mhóáb- an Tiarna a labhraíonn.

44. An té a theitheann ón scéin,titfidh sé isteach sa pholl;ag dreapadh aníos as an bpoll dótógfar sa ghaiste é.Sea, sin iad [na sciúirsí] a bhuailfidh mé ar Mhóábi mbliain a chuardaithe- an Tiarna a labhraíonn.

45. Rinneadar moill faoi dhíon Heisbeon,na teifigh agus iad go traochta.Ach tháinig tine as Heisbeon,lasair as pálás Shíochon;loisc sé malaí Mhóáb,cloigeann na ndaoine ceannairceacha.

46. Is mairg thú, a Mhóáb!A phobal Chamóis, tá sibh caillte!óir seoladh do chlann mhac chun deoraíochta,agus tógadh i láimh do chlann iníonacha.

47. Ach cuirfidh mise Móáb ar ais ina áit féinsna laethanta atá le teacht. Is é an Tiarna a labhraíonn.”Breithiúnas Mhóáb go dtí seo.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 48