Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 48:33-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

33. Sciobadh gairdeachas agus lúcháir ó thír Mhóáb.Deoir níl fágtha sna cantaoirí fíona,níl an fómharaí fíona ag pasáil a thuilleadh:ar ghlórtha gealgháireacha tá múchadh tagtha.

34. “Tá éamh Heisbeon agus Eileálae le clos i Iahaz. Téann an screadach ó Zoar go Horónaím agus Eaglat Silísia, óir tá uiscí Nimrím ag éirí uaigneach anois.

35. Agus cuirfidh mise deireadh - an Tiarna a labhraíonn - le haon fhear i Móáb a ofrálann íobairt agus túis dá dhia sna háiteanna arda.

36. Sin é an fáth a bhfuaimníonn mo chroí ar nós píobáin ar son Mhóáb, a bhfuaimníonn sé ar nós píbe ar son muintir Chír Heireas: de bhrí go ndeachaigh an saibhreas mór sin amú.

37. Sea, tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg gearrtha, tá scoradh ar na lámha uile, sacéadach ar na leasracha uile.

38. Ar dhíonta tithe Mhóáb agus ina shráideanna, níl le clos ach caoineadh, mar bhris mé Móáb mar a bhrisfí soitheach nach dteastaíonn ó aon duine - an Tiarna a labhraíonn.

39. Céard é seo! Briste? Céard é seo! Móáb an ea, á chur ar gcúl go náireach? Céard é seo! Móáb a bheith ina scige, ina ábhar uafáis ag a chomharsana uile?”

40. Óir is mar seo a deir an Tiarna:“(Féach, eitlíonn sé ar nós iolair,agus leathnóidh sé a sciatháin os cionn Mhóáb.)

41. Tógfar i láimh na bailte,beidh seilbh ar na háiteanna daingne.(“Agus beidh croí na bhfear cogaidh an lá sin i Móáb mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.)

42. Scriosfar Móáb ó bheith ina phobal,mar gur mhéadaigh sé é féin in éadan an Tiarna.

43. Tá an scéin, an poll, an gaiste i ndán duit,a áitreabhaigh Mhóáb- an Tiarna a labhraíonn.

Léigh chaibidil críochnaithe Irimia 48